App nua le haghaidh foghlaim na Gaeilge - a chur ar fail ag TG4/ na sonrai anseo : Cúla4

Gaidhlig na hAlban

Eanáir 31, 2011

Is léir on tuairisc seo – ón páipéar nuachtán The Guardian – go bhfuil forbairt tagtha le déanaí i múineadh Gáidhlig na hAlban.  Is díol spéise é an t-alt ó thaobh comhthéacs na tíre seo agus múineadh na Gaeilge.  

Nil aon dabht ann ná go dtéann ábhar foghlama ar nós  “Harry Potter Agus Clach An Fheallsanaich” go mór i bhfeidhm ar daltaí scoile. (mar eolas: tá an leabhair seo le fáil freisin i ngaeilge mar “Harry Potter agus an Orchloch”).  

Is féidir an scéal ón Guardian a léamh anseo :

http://www.guardian.co.uk/edinburgh/2011/jan/31/edinburgh-gaelic-school-consultation?CMP=twt_gu

Féile Foghlama sa Daingean

Meán Fómhair 1, 2010

 
Beidh Féile Foghlama ar siúl sa Daingean ar an 17ú agus 18ú Meán Fomhar - oíche De hAoine in Óstán na Sceilige agus maidin Satharn sa Phobalscoil.

Oíche de hAoine, idir 8 agus 10 a chlog, beidh múinteoirí ógá agus aosta ag roinnt a gcuid taithí linn maidir le modhanna múinte nua-aimseartha. Beidh siad ag caint  ar feadh 2, 5 nó 15 nóiméad an duine.

Gan amhras, beidh comhrá, craic, duaiseanna, deochanna agus bia ann!

Chomh maith le oíche De hAoine, ta ceardlann Moodle sa Phobalscoil eagraithe don mhaidin dár gcionn idir 10:00 agus meánlae. Beidh cur i láthair faoin gClár Bán Idirghníomhach ar siúl ag an am sin chomh maith.

Sonraí ar fáil ó Chumann Ríomh-Oideachais na hÉireann

 http://www.cesi.ie/cesimeet-autumn10

YouTube ar fáil ar Scoil

Aibreán 22, 2010

De réir rialacha nua de chuid an NCTE, tá YouTube ar fáil anois insna scoileanna. Cialaíonn sé seo go bhfuil YouTube curtha san áireamh mar áis foghlama sa seomra ranga amach romhainn. Is dul chun cinn go mór é.

OpenOffice as Gaeilge

Márta 23, 2010

Is feidhmchlár saor in aisce é OpenOffice.org – comhoiriúnach le chuile feidhmchlár eile, MS Office san áireamh.
Tá bogearraí ar fáil anois as Gaeilge ar an suíomh seo : http://ga.openoffice.org/

Bain triail as – is fiú é, agus … scaip an scéal.

Irish for iPhone

Márta 15, 2010


Lá Le Phádraig : faigh Cúpla Focal ar iPhone

Mar chuid de cheiliúradh Lá Le Phádraig, tá deis agaibh cúpla focal i nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid – buíochas le iPhone. Tá an seirbhís seo ar fáil saor in aisce ar feadh lá na féile. Seachas sin, caithfear íoc as.
“Irish for iPhone” a tugtar ar an ‘app’ seo. Tá breis agus míle focal ann agus na leaganacha cainte is coitianta sa Ghaeilge ar fáil. Lena chois sin, tá cabhair ann i dtaobh fuaimeanna na teanga.

Má tá iPhone agaibh, bain triail as, agus … scaip an scéal!

Foinse : Sunday Busines Post 14 Márta, 2010

Ta ceiliúradh ar siúl ar feadh na seachtaine seo chun ardú céime a thabhairt do shábháilteacht ar an Idirlíon do pháistí agus daoine oga.

Mar pháirt den cheiliúradh, lainseáil suíomh ar e-safety darbh ainm http://www.esafetykit.net/
An téama i mbliana ná Bí cúramach, bí slán”.

Tuilleadh eolais agus ábhair le fáil freisin ó http://www.saferinternet.org/

Foinse : Príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge Foinse

Lean

Seolfar chuile alt nua chuig an mbosca ríomhphoist agat.